Iomann do Naomh Bríd

Translated into Gaelic by Dr Douglas Hyde,
(1860 – 1949) first President of Ireland.
Music by M.S. circa 1911.

Dearc anuas, féach mar táimid,
A Naomh álainn féach sinn!
Féachaimid ár nglúin id’ láthair,
Dearc mar Mháthair ar do chlainn.
Cuidigh linn, a mháthair aoibhinn
Bí a choíche ag éisteacht linn.
A Naoimh Bhríd a Chéile Chríosta
Mar an faoileán ar an toinn.

Níl aon áit a bhfuil na Gaeil
Ar an saol seo bhus no thall,
Nach bhfuil grá acu ‘na gcroíthe
Ortsa (a) Bhríd gheal, moch is mall.
Líon le grá an croí tá brúite,
Bain den tsúil tá fliuch le deor;
Stiúraigh, treoraigh, árdaigh sinne
Nó go dtigimid i do ghlóir

 

Statue of St Brigid at Well in Kildare